Bianna núíosacha|
Cad iad bianna núíosacha agus an bhfuil sé sábháilte iad a ithe?
Tháinig bananaí, prátaí, trátaí agus rís chun na hEorpa mar bhianna núíosacha. I gcaitheamh na mblianta, leanamar de chineálacha nua bia ó gach cearn den phláinéad a chur lenár naistí bia. Smaoinigh ar spíosraí agus ar thorthaí trópaiceacha, bianna nua san Eoraip, tráth dá raibh, aus bianna a raibh an-tóir orthu mar gheall ar a gcuid blasanna, ach a fhaightear de ghnáth inár gcistineacha anois.
Bhíomar i gcónaí ag faire amach do bhlasanna agus d’fhoinsí cothaitheach nua. Ó tharla go bhfuil an domhan ag éirí níos domhandaithe an tam ar fad, tá níos mó roghanna ann ná riamh maidir leis an méid a ithimid.
Ní mór do gach bia núíosach dul trí phróiseas údaraithe, lena náirítear measúnú sábháilteachta críochnúil, sula bhféadtar iad a fhormheas lena ndíol in AE.
Cad a dhéanann bia núíosach éagsúil le bianna nó le comhábhair eile?
Meastar gur bia núíosach é bia mura raibh sé á ithe go forleathan in AE roimh mhí na Bealtaine 1997. Áirítear sa sainmhíniú bianna traidisiúnta ó thíortha eile, comhábhair bhia nua agus bia ó fhoinsí nua amhail algaí agus miocrorgánaigh.
Áirítear le bia núíosach freisin bia arna tháirgeadh ag teicneolaíochtaí nua amhail nanaitheicneolaíocht, saothrán ceall agus cóireáil UV.
I measc na samplaí tá:
- síolta chia
- meineanaptacuineon (foinse nua de vitimín K)
- próitéin pónaire mung
- ola crille Antartaí (ina bhfuil go leor aigéad sailleach óimige 3)
- sú noni
- Bainne agus arán arna chóireáil le UV
A bhuíochas le héagsúlacht an domhain, trínar nidirghníomhú le cultúir eile agus le nuálaíocht, leanfaidh bianna núíosacha de bheith ag iarraidh a mbealach a dhéanamh chomh fada lenár dtáblaí, rud lena soláthrófar roghanna cothaithe nua. Trínár measúnuithe sábháilteachta eolaíochtbhunaithe, seiceálaimid an bhfuil na bianna nua sin sábháilte.
Ermolaos Ververis, ceimiceoir bia de chuid EFSA
An bhfuil siad sábháilte?
Déantar measúnú cúramach ar bhianna núíosacha uile sular féidir iad a dhíol ar mhargadh na hEorpa. Ní mór do ghnólachtaí bia iarratais a sheoladh ina bhfuil faisnéis faoin mbia núíosach amhail an modh táirgthe, an comhdhéanamh agus na húsáidí atá beartaithe chomh maith le staidéir sábháilteachta éigeantacha.
Déanann eolaithe de chuid EFSA measúnú riosca sula ndéanann reachtóirí Eorpacha cinneadh maidir le húdaruithe margaíochta agus lipéadú.
Déanann eolaithe EFSA measúnú ar rioscaí sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann, amhail ailléirginí agus éifeachtaí tocsaineolaíocha. Seiceálann siad freisin chun a áirithiú, má tá sé beartaithe bia núíosach a chur in ionad bia eile, nach mbíonn difear ann ar bhealach a bheadh míbhuntáisteach ó thaobh an chothaithe de don tomhaltóir.
Le linn an mheasúnaithe, féadfaidh EFSA staidéir bhreise a iarraidh ar ghnólachtaí bia, más gá, chun sábháilteacht an bhia a dheimhniú.
Cad a chiallaíonn sé sin duit féin
Déantar bianna núíosacha uile a rialáil chun an méid seo a leanas a chinntiú:
- Go bhfuil siad sábháilte do thomhaltóirí
- Go bhfuil siad lipéadaithe i gceart ionas nach gcuirfear tomhaltóirí amú
- Nach bhfuil siad míbhuntáisteach ó thaobh an chothaithe de (i gcomparáid le bia a bhfuil sé ar intinn ag an duine a nitheann é a athsholáthar san aiste bhia).
Ciallaíonn sé sin má chinneann tú triail a bhaint as rud éigin nua gur féidir leat a bheith cinnte go bhfuil sé sábháilte!





























