Forbhianna
An féidir le piollaire in aghaidh an lae an dochtúir a choinneáil ar shiúl? Iniúchadh a dhéanamh ar fhorbhianna agus ar an ról a bhíonn acu i gcúrsaí sláinte
Tá méadú tagtha ar an tóir ar fhorbhianna, ar cuid de ghnáthaimh laethúla iad go minic, ar fud AE. Idir tháirgí amhail vitimín D agus eastóscáin luibhe amhail ginsing agus gairleog, déantar forbhianna a mhargú mar bhealaí áisiúla chun sláinte a chothabháil, chun tacú le feidhmíocht nó chun imdhíonacht a threisiú. Ach cuimhnigh, ba chóir d’fhorbhianna cur le, seachas teacht in ionad, aiste bhia chothaitheach agus stíl shláintiúil mhaireachtála.
Forbhianna agus na buntáistí a bhaineann leo a thuiscint
Is foinsí tiubhaithe cothaitheach iad forbhianna nó cothaitheacha amhail vitimíní, mianraí, aimíonaigéid, einsímí agus substaintí luibhe, a bhíonn ar fáil i bhfoirmeacha cosúil le táibléid, capsúil, púdair agus leachtanna. Díoltar iad i gcógaslanna, in ollmhargaí, i siopaí speisialaithe agus ar líne. Cé go bhfuil stair úsáide ag go leor forbhianna san Eoraip, tá imní maidir le sábháilteacht agus cáilíocht ann, amhail rioscaí éillithe agus an gá atá ann a áirithiú go bhfanfaidh tiúchaintí na ngníomhairí bithghníomhacha laistigh de theorainneacha sábháilte.
Déantar forbhianna a mheas agus a rialú ag an leibhéal náisiúnta in AE den chuid is mó. Mar sin féin, tá ról lárnach ag EFSA maidir le sábháilteacht a áirithiú trí thuairimí eolaíocha a chur ar fáil maidir le substaintí a úsáidtear i bhforbhianna, go háirithe iad siúd nach bhfuil stair úsáide sábháilte acu in AE roimh 1997 nó arna iarraidh sin do Bhallstát.
Luibheolaíochtaí i bhforbhianna
Tá luibheolaíochtaí – ullmhóidí a dhíorthaítear ó phlandaí, algaí, fungais nó léicin – coitianta i bhforbhianna ata le fáil san Aontas. I measc na samplaí coitianta de sin tá:
- Ginsing: a chuirtear chun cinn mar gheall ar a na hairíonna ata léi a threisíonn fuinneamh.
- Ginceo bileoba: a mhargaítear le haghaidh tacaíocht chognaíoch go minic.
- Gairleog: nasctha le sláinte an chroí.
Cé go bhfuil a núsáid forleathan, d’fhéadfadh a néifeachtaí a bheith éagsúil, agus d’fhéadfadh cuid acu idirghníomhú le cógais nó a bheith ina gcúis le frithghníomhuithe díobhálacha.
An dteastaíonn forbhianna uait?
Tá cuspóirí sonracha ag forbhianna:
- Déileáil le heaspa: do ghrúpaí amhail mná torracha nó iad siúd nach mbíonn amuigh faoin ngrian ach ó am go chéile.
- Tacú le feidhmíocht: tascanna spóirt nó cognaíocha.
- Sláinte ghinearálta a chothabháil: mar chomhlánú ar stíl shláintiúil mhaireachtála.
Mar sin féin, ní féidir iad a úsáid in ionad aiste chothrom bia. Comhlíonann formhór na ndaoine a riachtanas cothaitheach trí bhia, agus is eisceacht shuntasach é vitimín D i réigiúin nach mbíonn daoine amuigh faoin ngrian ach ar bhonn teoranta iontu. D’fhéadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith mar thoradh ar ró-úsáid forbhianna, ós rud é nach gá go mbeadh dáileoga ní b’airde ní b’fhearr don tsláinte.
Is iad na tíortha AE a reáchtálann an margadh le haghaidh forbhianna go náisiúnta. Nuair a bhíonn imní orthu faoi aon cheann acu, iarrtar orainn measúnú sábháilteachta a dhéanamh.
Ariane Titz, eolaí ar chothú de chuid EFSA.
Rialáil agus sábháilteacht san Aontas Eorpach
Ní mór do mhonaróirí a áirithiú go mbíonn a gcuid táirgí sábháilte, lipéadaithe go cuí, agus go gcomhlíonann siad leibhéil chothaithe bhunaithe. Déanann eolaithe Eorpacha meastóireacht ar shubstaintí nach luaitear stair úsáide shábháilte leo agus tugann siad treoir maidir le rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann.
Príomhphointí le roinnt le tomhaltóirí
- Déan rogha chiallmhar: Téigh i gcomhairle le gairmí cúraim sláinte sula dtosaíonn tú ag tógáil forbhianna.
- Leag béim ar an aiste bhia ar dtús: Is í aiste chothrom bia bunchloch na sláinte í.
- Bí ar an eolas i gcónaí: Cuardaigh foinsí iontaofa agus táirgí fíoraithe.
- Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi fhorbhianna, tabhair cuairt ar an leathanach gréasáin EFSA Feachtas Sábháilteachta Bia.
Trí ról na bhforbhianna a thuiscint, is féidir le tomhaltóirí cinntí eolasacha a dhéanamh chun tacú lena sláinte agus rioscaí a íoslaghdú ag an am céanna. Cuimhnigh, ba chóir d’fhorbhianna cur le, seachas teacht in ionad, aiste bhia chothaitheach agus stíl shláintiúil mhaireachtála.
