Skip to main content

Cleachtais oibre

Feidhmíonn an sreabhadh oibre maidir le haschuir eolaíocha EFSA ón nóiméad a fhaigheann EFSA iarratas ar chomhairle eolaíoch nó a chuireann sé tús lena ghníomhaíocht féin go dtí an tráth a fhoilsíonn sé a thorthaí.

Tá trí phríomhchéim ann:

  1. Iarratas
  2. Measúnú
  3. Glacadh

I. Iarratas

Faigheann EFSA iarratais ar chomhairle eolaíoch go príomha ón gCoimisiún Eorpach, ach freisin ó Pharlaimint na hEorpa nó ó na Ballstáit. Tugtar achoimre san iarratas ar a bhfuil á iarraidh ar EFSA: an tsaincheist, na téarmaí tagartha, an clár ama agus mar sin de.

  • Ar iarratas a fháil, déanann EFSA an t-ábhar atá ann a mheas, pléann sé leis an gCoimisiún é agus tugann sé aghaidh ar aon saincheisteanna ar gá iad a shoiléiriú, amhail inchomhlíontacht an spriocdháta. Tar éis an phlé sin, tagann EFSA agus an Coimisiún ar chomhaontú maidir le sainordú, lena n-áirítear na téarmaí tagartha deiridh agus spriocdháta arna chomhaontú go frithpháirteach.
  • Maidir le hiarratais mhargaidh, déanann EFSA iomláine an iarratais a bhailíochtú/a sheiceáil agus féadfaidh sé tuilleadh faisnéise eolaíche a iarraidh ar an iarratasóir.

Ansin sanntar an sainordú do cheann de Phainéil Eolaíocha EFSA nó dá Choiste Eolaíoch agus cuirtear ar fáil é ar thairseach OpenEFSA.

II. Measúnú

De ghnáth, cuireann EFSA Grúpa Oibre saineolaithe ar bun chun an measúnú riosca a dhéanamh.

  • Déanann an grúpa oibre – ina mbíonn baill den Phainéal de ghnáth chomh maith le heolaithe breise ó réimsí speisialtóireachta – measúnú ar an bhfaisnéis eolaíoch atá ar fáil, a bhféadfadh sonraí arna soláthar ag na Ballstáit, institiúidí taighde nó cuideachtaí a bheith i gceist leis. Má tá gá le tuilleadh sonraí, d'fhéadfaí iad a fháil ó líonraí bailithe sonraí EFSA nó glao oscailte ar shonraí a sheoladh ar shuíomh gréasáin EFSA.
  • Féadfaidh EFSA níos mó sonraí a iarraidh go díreach ón iarratasóir – agus sa chás sin cuirfear an t-amchlár rialála ar sos go dtí go soláthraítear iad sin.
  • Forbraíonn an grúpa oibre dréacht agus cuireann sé faoi bhráid an Phainéil é lena phlé.

Is minic a bhíonn comhairliúcháin á reáchtáil againn maidir le dréacht-aschuir agus ansin breithnímid na tuairimí sa doiciméad athbhreithnithe.

III. Glacadh

  • Glacann tromlach chomhaltaí an Phainéil leis an measúnú  – agus taifeadtar aon tuairim mhionlaigh – ag cruinniú iomlánach den Phainéal ábhartha.
  • Mura nglacann an Painéal leis, seoltar an doiciméad ar ais chuig an ngrúpa oibre lena scrúdú tuilleadh agus chun dréacht athbhreithnithe a ullmhú lena ghlacadh ag cruinniú iomlánach eile ina dhiaidh sin.

Ansin foilsítear an t-aschur – ar Tuairim Eolaíoch é de ghnáth, ach d'fhéadfadh sé gur Ráiteas, Treoirdhoiciméad nó cineál eile aschuir é – ar shuíomh gréasáin EFSA in Iris EFSA, ár n-iris eolaíochta ar líne a bhfuil rochtain oscailte uirthi.