Skip to main content

Misean agus luachanna

Misean

Sábháilteacht sa bhiashlabhra ón bhfeirm go dtí an forc – sin an cuspóir atá ag croílár EFSA. Cuidímid le beatha agus sláinte an duine a chosaint, agus sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus an comhshaol á gcur san áireamh againn.

Tugaimid comhairle eolaíoch neamhspleách agus trédhearcach do lucht déanta beartas, trí chomhar lenár gcomhpháirtithe, agus i gcomhphlé oscailte leis an tsochaí.

Luachanna

Tá gníomhaíochtaí EFSA go léir á dtreorú ag tacar luachanna ríthábhachtacha. Táimid tiomanta do bheith ag seasamh leo i ngach réimse dár gcuid oibre.

Barr Feabhais

Déanaimid measúnuithe riosca atá dian agus iontaofa, agus cuirimid leis an dul chun cinn eolaíoch is déanaí. Déanaimid cumarsáid chun freastal ar riachtanais an phobail.

Neamhspleáchas

Cinntímid go bhfuil ár n-aschur eolaíoch neamhchlaonta. Déanann ár bhfoireann agus saineolaithe – atá saor ó choinbhleachtaí leasa – anailís ar shonraí agus baineann siad úsáid as modhanna éagsúla ar bhealach oibiachtúil. Ciallaíonn cinnteoireacht ghrúpa go bhfuil éagsúlacht ann agus go ndéantar athbhreithniú i measc piaraí.

Oscailteacht

Tá ár measúnuithe riosca agus ár gcumarsáidí inrochtana agus intuigthe. Cruthaítear iad trí phróisis thrédhearcacha, arna bhfeabhsú trí chomhphlé oscailte leis na páirtithe leasmhara go léir.

Cuntasacht

Freastalaímid ar leas an phobail, ag obair chun feabhas a chur ar shábháilteacht bia ón bhfeirm go dtí an forc. Bainimid úsáid as acmhainní go héifeachtach, ar bhealach freagrach agus inbhuanaithe.

Comhar

Dar linn féin, is comhoibriú an t-aon bhealach amháin chun smacht a choinneáil ar chastachtaí na todhchaí. Déanaimid infheistíocht chun comhpháirtíochtaí fadtéarmacha a bhunú ar mhaithe lena chéile.