Skip to main content

Idirnáisiúnta

Is minic gur saincheisteanna domhanda iad saincheisteanna sábháilteachta bia. Féadfaidh trádáil idirnáisiúnta, taisteal, imirce agus fiú an t-athrú aeráide tionchar a imirt ar rialáil sábháilteachta bia ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus réigiúnach.

Tá dlúth-theagmháil oibre forbartha ag EFSA le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le gníomhaireachtaí bia in áiteanna éagsúla ar fud an domhain.

Eagraíochtaí idirnáisiúnta

Tacaíonn EFSA leis an Aontas Eorpach ina ghealltanais idirnáisiúnta trí chomhairle eolaíochta agus theicniúil a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí a bhaineann le Codex Alimentarius na Náisiún Aontaithe.

Gníomhaireachtaí Bia

Leanann EFSA de chaidrimh a chothú lena gcomhghleacaithe ar fud an domhain.

  • Uaireanta déantar é sin trí chomhaontuithe foirmiúla le gníomhaireachtaí rialála a bhfuil sainordú acu maidir le measúnú riosca, amhail san Astráil, i gCeanada, sa tSeapáin, sa Nua-Shéalainn agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
  • Comhar le comhghleacaithe ar fud an domhain, lena n-áirítear an Bhrasaíl, an tSile, an tSín, Hong Cong, an Mhalaeisia, Poblacht na Cóiré, Singeapór, an Téaváin agus an Téalainn.

Méadú an Aontais

Sula dtéann sí isteach san AE, ní mór don tír iarrthach ceanglais áirithe a chomhlíonadh. Tá ról tábhachtach ag saincheisteanna sábháilteachta bia i gcaibidlíocht aontachais do bhallraíocht AE.

  • Tá EFSA ag obair le tíortha méadaithe AE ó 2005 i leith. Is iad seo a leanas na tíortha is iarrthóirí faoi láthair: An Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Mholdóiv, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia, an Tuirc, an Úcráin. Tá stádas iarrthóirí ionchasacha ag an tSeoirsia agus ag an gCosaiv*.

  • Tá teagmhálacha forleathana ann idir EFSA agus na húdaráis sábháilteachta bia i dtairbhithe IPA (faoi láthair:  an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia, an Tuirc) faoi Chláir Réamhaontachais EFSA a fhaigheann maoiniú ón Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA). Tá sé mar aidhm ag na Cláir ullmhacht na n-údarás náisiúnta a mhéadú maidir leis an gcomhar a d’fhéadfadh a bheith acu amach anseo le EFSA mar bhaill iomlána den AE.

* Tá an t-ainmniúchán seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé i gcomhréir le UNSCR 1244 agus le Tuairim CBI maidir le Forógra Saoirse na Cosaive.

Doiciméid

Comharsanacht AE

Gné thábhachtach de Bheartas Comharsanachta na hEorpa (ENP) an AE is ea sábháilteacht bia. Oibríonn an AE lena chomharsana ó dheas agus thoir tríd an ENP chun an comhlachas polaitiúil is dlúithe is féidir a bhaint amach mar aon leis an méid comhtháthaithe eacnamaíoch is mó is féidir a bhaint amach.

  • Tá feasacht na dtíortha comharsanachta ar rialacháin agus ar nósanna imeachta an AE maidir le sábháilteacht tomhaltóirí – lena n-áirítear freagairt ar ghéarchéimeanna bia – agus ar shaorghluaiseacht bia/beatha ríthábhachtach chun tomhaltóirí a chosaint agus trádáil réigiúnach á cur chun cinn ag an am céanna. Éilíonn siad faisnéis faoi EFSA, measúnú riosca agus cumarsáid riosca, agus faoin gcóras Eorpach sábháilteachta bia chun a gcórais a ailíniú, a mhéid is féidir, leo siúd san Eoraip.
  • Chuir EFSA tús le comhoibriú le tíortha comharsanachta AE tríd an gClár a fhaigheann maoiniú ón Ionstraim Eorpach um Beartas Comharsanachta (ENPI) i mí Feabhra 2014. Tríd an gClár seo, tá EFSA ag saothrú go gníomhach na tíortha seo a leanas a chomhtháthú níos mó ina chuid oibre: an Ailgéir, an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an Éigipt, an tSeoirsia, Iosrael, an Iordáin, an Liobáin, an Libia, an Mholdóiv, Maracó, an Phalaistín**, an Túinéis agus an Úcráin.

** Ní fhorléireofar an t-ainmniú seo mar aitheantas do Stát na Palaistíne agus tá sé gan dochar do sheasaimh aonair na mBallstát ar an tsaincheist seo.

Doiciméid