Faigh réidh le fliú na n‑éan: cosain d’fheirm!
Is bunchloch cosaint ár bhfeirmeacha ar ghalair thógálacha iad feasacht agus cosc. Leis an bhfeachtas ar fud an Aontais #NoBirdFlu, cuirtear faisnéis thábhachtach ar fáil maidir leis na bearta atá le déanamh chun tabhairt isteach fhliú na n‑éan a chosc agus chun stop a chur lena leathadh. Is cuma má oibríonn tú ar fheirm, má thugann tú aire d’ealta chúlchlóis, nó má thugann tú cuairt ar fheirmeacha mar chuid de do phost, is féidir difríocht mhór a dhéanamh maidir le sláinte ainmhithe a chosaint trí roinnt céimeanna tábhachtacha a leanúint.
Coinnigh fliú na n‑éan amach
Rialaigh rochtain
- Ná lig do dhaoine, d’fheithiclí, d’uirlisí ná do chliathbhoscaí teacht isteach san fheirm ach amháin nuair is gá.
- Sula dtéann tú isteach ar an bhfeirm, caith éadaí glana i gcónaí, nigh do lámha, cuir ort lámhainní agus athraigh nó glan agus díghalraigh do choisbheart. Más féidir, ná coinnigh éadaí tiomnaithe ach amháin le haghaidh obair feirme chun éilliú a chosc.
- Cuir bearta díghalraithe i bhfeidhm, amhail folcadáin chos ag an mbealach isteach, ar dhuine ar bith agus ar rud ar bith – daoine, feithiclí, uirlisí agus cliathbhoscaí – a thagann ar an bhfeirm, ar eagla go raibh siad i dteagmháil le déanaí le héanlaith chlóis, le dramhaíl éanlaithe clóis, nó le héin fhiáine.
Glanadh amach iomlán
- Glan agus díghalraigh go rialta agus go críochnúil na háiseanna, an trealamh agus na limistéir chónaithe go léir, agus bain an dramhaíl go léir, go háirithe tar éis gach timthrialla táirgthe.
- Coinnigh limistéir ‘ghlana’ (i dteagmháil le hainmhithe) agus limistéir ‘shalacha’ (i dteagmháil le limistéir taobh amuigh) den fheirm scartha óna chéile go soiléir.
- Coinnigh bia saor ó éilliú agus cuir uisce óil úr, glan ar fáil do d’ealta.
Gan spás d’éin fhiáine
- Bain úsáid as díonta soladacha, ballaí séalaithe, agus fálta teanna ar thithe chun éin fhiáine agus ainmhithe eile a choinneáil amuigh a d'fhéadfadh galair a iompar ar fheirmeacha.
- Seachain bia a bhogadh idir ealtaí éagsúla, agus áirithigh nach bhfuil aon uisce bodhar timpeall na feirme.
- Áirithigh go gcoinnítear aon fhéar nó fásra eile gar do na fálta néata agus gearr chun cosc a chur ar limistéir fhliucha agus ar thóraíocht bia ag éin fhiáine.
- Cosain limistéir lasmuigh le heangach nó le himfhálú sreinge agus ná déan dearmad seiceáil rialta a dhéanamh le haghaidh poll nó bearnaí a d’fhéadfadh a bheith ann. D'fhéadfadh gléasanna scanraithe nó díspreagthaí cuidiú freisin le héin fhiáine agus na galair a d'fhéadfadh a bheith á n-iompar acu a choinneáil amach.
Speiceas amháin, spás amháin
- Ba cheart cineálacha éagsúla éanlaithe clóis amhail sicíní, lachain agus turcaithe a choinneáil scartha óna chéile chun leathadh galair ó speiceas go speiceas a sheachaint.
- Ba cheart ainmhithe eile, lena n‑áirítear peataí nó beostoc, a choinneáil amach ó éanlaith chlóis freisin.
Bí airdeallach ar na comharthaí
- Má thugann tú aon rud neamhghnách faoi d’ealta faoi deara – laghdú ar iontógáil bia nó uisce, básanna tobanna, iompar neamhghnách nó comharthaí eile galair, go háirithe siomptóim riospráide – ná fan ná bí ag buille faoi thuairim, déan aon éin bhreoite a aonrú agus téigh i dteagmháil láithreach le do thréidlia nó le húdaráis sláinte ainmhithe áitiúla.
- Dá luaithe a ghlacann tú beart, is amhlaidh is fearr an seans go gcuirfear stop le ráig thromchúiseach de fhliú na n-éan.
- Agus ná déan dearmad go bhféadfadh fliú na n‑éan leathadh chuig daoine freisin. Chun an riosca a laghdú, seachain teagmháil le hainmhithe a d'fhéadfadh a bheith ionfhabhtaithe nó láimhseáil iad trí threalamh cosanta a úsáid.
Acmhainní le comhroinnt
Bí i do churadh bithshlándála! Áirítear leis an tsraith uirlisí seo grafaicí faisnéise, póstaeir, greamáin agus postálacha atá réidh le húsáid ar na meáin shóisialta, is cuma cé acu más feirmeoir thú, más i bhfeighil ar ealta chúlchlóis atá tú, más tréidlia thú nó má thugann tú cuairt ar fheirmeacha mar chuid de do phost. Ná bíodh drogall ort na hábhair seo a úsáid chun an bhithshlándáil a fheabhsú agus chun cuidiú le leathadh fhliú na n‑éan a chosc agus sláinte ainmhithe a chosaint.
Acmhainní

Graific faisnéise: Coinnigh fliú na n-éan AMACH

Póstaer: Coinnigh fliú na n-éan AMACH!

Póstaer: Speiceas AMHÁIN, spás AMHÁIN

Póstaer: BÍ AIRDEALLACH ar na comharthaí

Timpeallán meán sóisialta: Cosain d’ÉIN, cosain d’FHEIRM

Greamán: Coinnigh fliú na n-éan AMACH

Greamán: Speiceas AMHÁIN spás AMHÁIN

Greamán: BÍ AIRDEALLACH ar na comharthaí gníomhaigh go tapa

Backgrounder
