Skip to main content

Maidir linne

Cé sinne?

Is gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh muid a bunaíodh in 2002 chun feidhmiú mar fhoinse neamhchlaonta chomhairle eolaíoch do bhainisteoirí riosca agus chun cumarsáid a dhéanamh maidir le rioscaí a bhaineann leis an mbiashlabhra. Comhoibrímid le páirtithe leasmhara chun comhleanúnachas chomhairle eolaíoch an AE a chur chun cinn. Cuirimid an bonn eolaíoch ar fáil le haghaidh dlíthe agus rialachán chun tomhaltóirí na hEorpa a chosaint ar rioscaí a bhaineann le bia – ón bhfeirm go dtí an forc.

Ár modh oibre

Is é croílár ár ngníomhaíochtaí fianaise eolaíoch a bhailiú, a mheas agus a chomhtháthú chun ceisteanna a fhreagairt faoi rioscaí. Is é an toradh atá ar ár gcuid oibre ná comhairle eolaíoch do bhainisteoirí riosca, arna cur ar fáil i gcomhpháirt ag saineolaithe neamhspleácha agus ag foireann EFSA. Tá gach rud a dhéanaimid faoi threoir ag ár luachanna: Barr Feabhais, Neamhspleáchas, Oscailteacht, Cuntasacht agus Comhoibriú. Tugann trédhearcacht ár bpróisis, mar aon lenár ngníomhaíochtaí rannpháirtíochta, deis do pháirtithe leasmhara ár gcuid oibre a scrúdú agus caidreamh a dhéanamh linn i gcomhphlé oscailte ar théarmaí comhionanna. Déanaimid cumarsáid faoi rioscaí sa slabhra bia go neamhspleách agus ar bhealach a fhreastalaíonn ar riachtanais an phobail. I gcomhar lenár gcomhpháirtithe sna Ballstáit, cuirimid le héiceachóras eolais na hEorpa maidir le sábháilteacht bia, rud a chinntíonn go mbíonn bia sábháilte mar bhonn le haistí bia sláintiúla agus le córais bhia inbhuanaithe.

Ár gcomhoibrithe

Is iad saineolaithe aonair agus eagraíochtaí inniúla ár bpríomh-chomhpháirtithe eolais. Chun an caidreamh seo a chothú, oibrímid go dian le heagraíochtaí measúnaithe riosca na mBallstát tríd an bhFóram Comhairleach, na Pointí Fócasacha Náisiúnta agus ár Líonraí Eolaíochta. Mar an gcéanna, oibrímid le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le measúnóirí riosca i dtríú tíortha chun for-rochtain agus comhthionchar sábháilteachta bia a mhéadú. Is iad saoránaigh an Aontais a bhaineann an tairbhe dheiridh as ár gcuid oibre: bímid i dteagmháil leo agus lenár bpáirtithe leasmhara trí iliomad ardán agus fóram.

Déantar an chuid is mó d'obair EFSA mar fhreagra ar iarratais ar chomhairle eolaíoch ón gCoimisiún Eorpach, ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Bhallstáit an AE.

Déanaimid obair eolaíoch as ár stuaim féin freisin, go háirithe chun saincheisteanna atá ag teacht chun cinn agus guaiseacha nua a scrúdú agus chun ár modhanna agus ár gcur chuige measúnaithe a nuashonrú. Tugaimid “féin-tascáil” air seo.

  • Eagraíonn EFSA a chlár oibre – bliantúil agus ilbhliantúil – de réir na dtosaíochtaí a comhaontaíodh leis an gCoimisiún Eorpach agus le comhpháirtithe eile, agus na hacmhainní atá ar fáil á gcur san áireamh.
  • Téimid i gcomhairle go dlúth lena chinntiú go gcuireann ár gclár le cláir ár gcomhpháirtithe – go háirithe údaráis náisiúnta agus gníomhaireachtaí sábháilteachta bia i mBallstáit an AE – agus chun forluí agus dúbailt oibre agus iarrachta a sheachaint.
  • Is iad na Painéil Eolaíocha agus an Coiste Eolaíoch a sholáthraíonn comhairle eolaíoch EFSA den chuid is mó, agus ceaptar comhaltaí an Choiste trí nós imeachta roghnúcháin oscailte.
  • Féadfaidh foireann EFSA aschuir eolaíocha a tháirgeadh thar ceann na gníomhaireachta freisin, amhail piarmheasúnuithe ar mheasúnú ar shubstaintí gníomhacha i lotnaidicídí, nó freagraí ar iarrataí práinneacha ar chomhairle. Déanann foireann EFSA faireachán agus anailís freisin ar fhaisnéis agus ar shonraí faoi ghuaiseacha bitheolaíocha, éilleáin cheimiceacha, tomhaltas bia agus rioscaí atá ag teacht chun cinn.

Prionsabail agus cleachtais

Cloíonn EFSA le roinnt prionsabal agus cleachtas a bhfuil sé mar aidhm leo barr feabhais ár gcuid oibre a chinntiú. Áirítear leo sin:

  • Tiomantas d'oscailteacht agus do thrédhearcacht inár gcuid oibre go léir.
  • Corpas cuimsitheach de dhea-chleachtais maidir le measúnú riosca a fhorbairt chun treoir a thabhairt do shaineolaithe ár gCoiste Eolaíoch agus ár bPainéil Eolaíocha.
  • Córas bainistíochta cáilíochta (CBC) a dhéanann faireachán agus neartú leanúnach ar cháilíocht obair eolaíoch EFSA. Áirítear leis sin féin-athbhreithniú agus córais aiseolais do chustaiméirí a chinntíonn go bhforbraítear próisis eolaíocha go comhsheasmhach agus go bhfeabhsaítear iad go leanúnach. Bronnadh deimhniú ISO 9001:2015 ar CBC EFSA, an caighdeán idirnáisiúnta maidir le bainistíocht cáilíochta.
  • Athbhreithnithe agus iniúchtaí arna ndéanamh ag iniúchóir inmheánach a thuairiscíonn do Choiste Iniúchóireachta Bhord Bainistíochta EFSA, a thugann comhairle don bhainistíocht shinsearach maidir le feabhsuithe a d'fhéadfaí a chur ar chleachtais oibre.
  • Meastóireacht sheachtrach Cuireann Rialachán Bunaitheach EFSA oibleagáid ar an Údarás meastóireachtaí seachtracha neamhspleácha dá chuid oibre agus dá chleachtais oibre a choimisiúnú. Bunaithe ar na meastóireachtaí sin, déanann an Bord Bainistíochta moltaí maidir le pleananna agus straitéisí bainistíochta EFSA sa todhchaí. Críochnaíodh an tríú meastóireacht – an mheastóireacht is déanaí – in 2018 agus chlúdaigh sí an tréimhse ó 2011 go 2016.
  • Córas bainistíochta sláinte, sábháilteachta agus comhshaoil (SSC) a bhfuil sé mar aidhm aige dálaí oibre a fheabhsú go leanúnach agus gnó inbhuanaithe a chinntiú. Deimhníonn iniúchtaí rialta tríú páirtí go bhfuil an córas ailínithe go hiomlán leis na caighdeáin agus na rialacháin ábhartha sa réimse (i.e. BS-OHSAS 18001:2007, ISO 14001: 2015 agus rialachán EMAS).

Ina theannta sin, tá an tÚdarás faoi cheangal dlí ag reachtaíocht an Aontais Eorpaigh maidir le saincheisteanna amhail rochtain phoiblí ar dhoiciméid.