Skip to main content

Fógra dlíthiúil

Tá an fhaisnéis ar shuíomh gréasáin EFSA faoi réir an méid seo a leanas:

  • séanadh;
  • beartas maidir le nascadh;
  • fógra cóipchirt;
  • ráiteas maidir le faisnéis rúnda.

Séanadh

Déanann an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) an suíomh gréasáin seo a chothabháil chun rochtain phoiblí ar fhaisnéis faoina ghníomhaíochtaí agus faoina thionscnaimh a fheabhsú. Is é is aidhm dúinn go mbeidh an fhaisnéis seo tráthúil agus cruinn. Má chuirtear earráidí ar ár súile dúinn, déanfaimid iarracht iad a cheartú chomh luath agus is féidir.

Ní ghlacann EFSA aon fhreagracht ná dliteanas (lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do, aon chaillteanas nó damáiste díreach nó iarmhartach a d'fhéadfadh tarlú duit agus/nó d'aon tríú páirtí eile) a thagann chun cinn mar gheall ar an bhfaisnéis ar an suíomh seo, nó i ndáil léi, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann leis na doiciméid a fhoilsítear air. Ní féidir EFSA a chur faoi dhliteanas i leith earráidí, míchruinnis nó neamhréireachtaí maidir le téacsanna atá ar fáil ar a shuíomh gréasáin, toisc nach ionann iad agus na doiciméid eolaíocha agus riaracháin arna nglacadh, arna n-eisiúint nó arna bhformhuiniú go hoifigiúil ag a chomhlachtaí rialachais freagracha. I gcás neamhréire idir an téacs a nglactar leis agus an doiciméad a chuirtear ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin EFSA, beidh forlámhas i gcónaí ag an téacs a nglactar leis.

Maidir le faisnéis ar shuíomh gréasáin EFSA:

  • léiríonn sí an fhaisnéis agus an staid eolais a bhí ar fáil ar an dáta a glacadh nó a formhuiníodh í;
  • ní gá go mbeadh sí cuimsitheach, iomlán, cruinn nó cothrom le dáta;
  • níl sí le tuiscint mar chomhairle ghairmiúil nó dhlíthiúil (má theastaíonn comhairle shonrach uait, ba cheart duit i gcónaí dul i gcomhairle le gairmí a bhfuil cáilíochtaí cuí acu).

Tá sé mar sprioc againn cur isteach de bharr earráidí teicniúla a íoslaghdú. Mar sin féin, d'fhéadfadh sé gur cruthaíodh nó gur leagadh amach roinnt sonraí nó faisnéise ar ár suíomh gréasáin i gcomhaid nó i bhformáidí nach bhfuil saor ó earráidí, agus ní féidir linn a ráthú nach gcuirfidh fadhbanna den sórt sin isteach ar ár seirbhís ná nach mbeidh tionchar uirthi ar shlí eile.

Ní ghlacann EFSA aon fhreagracht maidir le fadhbanna den sórt sin a thabhaítear mar thoradh ar an suíomh seo nó aon suíomhanna seachtracha atá nasctha anseo a úsáid.

Níl an séanadh seo ceaptha teorainn a chur le dliteanas EFSA de shárú ar aon cheanglas atá leagtha síos sa dlí náisiúnta is infheidhme ná a dhliteanas a eisiamh maidir le hábhair nach féidir a eisiamh faoin dlí sin.

Beartas maidir le nascadh

Spreagann EFSA eagraíochtaí agus daoine aonair chun naisc a chruthú chuig a shuíomh gréasáin. Níor chóir nascadh:

  • a úsáid i gcomhthéacs clúmhillteach;
  • a bheith ar taispeáint ar bhealach ina dtugtar le fios go bhformhuiníonn EFSA aon táirge nó seirbhís tráchtála, aschur eolaíoch nó riaracháin, nó an fhaisnéis nó téacs atá le fáil sa chomhthéacs ina bhfoilsítear an nascadh;
  • a bheith ina chúis mhearbhaill d'úsáideoirí an tsuímh gréasáin eile maidir le foinse an ábhair. Ba cheart EFSA a aithint go hiomlán mar fhoinse nó mar údar na ndoiciméad ábhartha;
  • a bheith ar taispeáint in éineacht le fógraíocht.

Tá nasc ag roinnt leathanach de chuid EFSA chuig suíomhanna gréasáin eile arna gcothabháil ag páirtithe seachtracha, nach bhfuil aon smacht ag EFSA orthu agus nach bhfuil EFSA freagrach astu. Níor cheart a thuiscint gurb ionann nascadh le suíomh gréasáin eile agus formhuiniú EFSA. Tá úsáideoirí a chliceálann ar shuíomh eile agus a thugann cuairt air faoi réir na bpolasaithe a bhaineann leis an suíomh nua.

Fógra cóipchirt

Cóipcheart © don ábhar iomlán ar an suíomh gréasáin seo mura luaitear a mhalairt: An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia – EFSA. Údaraítear athúsáid, ar choinníoll go n-aithnítear EFSA mar fhoinse an ábhair.

I gcás doiciméad aonair, d'fhéadfadh prionsabal ginearálta na hathúsáide a bhfuil cur síos déanta air thuas a bheith faoi réir coinníollacha sonracha mar a léirítear i bhfógraí cóipchirt ar leith atá ann. Moltar d'úsáideoirí tagairt a dhéanamh do na fógraí cóipchirt aonair seo.

Is maoin eisiach de chuid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA) lógó EFSA agus tá sé cláraithe faoi Airteagal 6ter de Choinbhinsiún Pháras chun maoin thionsclaíoch a chosaint. Tá cosc ar úsáid a bhaint as gan cead a fháil i scríbhinn ó EFSA roimh ré.

Ráiteas maidir le faisnéis rúnda

I gcomhréir lena reachtaíocht bhunaithe, le Rialachán 178/2002 (“Dlí Ginearálta an Bhia”), arna leasú le cur chun feidhme Rialachán (CE) 1381/2019 (“Rialachán na Trédhearcachta”) an 27.03.2021, déanfaidh EFSA a chuid gníomhaíochtaí i réimse dhlí an bhia le hardleibhéal trédhearcachta. Is é atá i gceist leis sin, i gcás gach sainorduithe agus gach iarratas a gheobhaidh an tÚdarás an 27.03.2021 nó ina dhiaidh sin, a bhfuil feidhm ag Rialachán na Trédhearcachta ina leith, go gcuirfidh EFSA ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin faisnéis atá liostaithe in Airteagal 38(1) de Dhlí Ginearálta an Bhia nó i ndlí infheidhme an Aontais mura meastar í a bheith faoi rún de bhun Airteagal 39-39e de Dhlí Ginearálta an Bhia nó dlí infheidhme an Aontais.

I gcomhréir le hAirteagal 39(2) de Dhlí Ginearálta an Bhia, féadfar, arna iarraidh sin don iarratasóir, go gcaithfí le míreanna faisnéise i modh rúnda i gcás ina léiríonn an t-iarratasóir go bhféadfadh nochtadh na faisnéise dochar nár bheag a dhéanamh dá leasanna. Ní fhéadfar iarratais ar rúndacht a chur isteach ach amháin i ndáil le míreanna faisnéise atá leagtha amach go sainráite sa liosta dearfach dúnta atá in Airteagal 39(2)(a) go (d) agus in Airteagal 39(3) de Dhlí Ginearálta an Bhia mar atá liostaithe san Iarcríbhinn a ghabhann le Socruithe Praiticiúla trédhearcachta agus rúndachta EFSA (“Socruithe Praiticiúla EFSA”). Tá forálacha Airteagal 39(2)(a) go (d) agus Airteagal 39(3) gan dochar do na forálacha atá in Airteagal 39(4)(a) agus Airteagal 39(4)(b) a bhaineann le nochtadh faisnéise i gcás ina bhfuil gníomhaíocht phráinneach riachtanach chun sláinte an duine, sláinte ainmhithe nó an comhshaol a chosaint, amhail cásanna éigeandála, nó le faisnéis atá mar chuid de chonclúidí aschur eolaíoch, lena n-áirítear tuairimí eolaíocha, arna soláthar ag an Údarás agus a bhaineann le héifeachtaí intuartha ar shláinte an duine, ar shláinte ainmhithe nó ar an gcomhshaol.

De bhun Airteagal 38(1a), tá nochtadh a) sonraí eolaíocha, staidéar agus faisnéise eile a thacaíonn le hiarratais, lena n-áirítear faisnéis fhorlíontach arna soláthar ag iarratasóirí chomh maith le sonraí eolaíocha eile agus faisnéis a thacaíonn le hiarratais ó Pharlaimint na hEorpa, ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit ar aschur eolaíoch, lena n-áirítear tuairimí eolaíocha, b) faisnéis a bhfuil aschuir eolaíocha an Údaráis, lena n-áirítear tuairimí eolaíocha, bunaithe uirthi, bunaithe gan dochar do na nithe seo a leanas:

  1. rialacha atá ann cheana maidir le cearta maoine intleachtúla lena leagtar amach teorainneacha ar úsáidí áirithe na ndoiciméad nochta nó ar a n-ábhar.
  2. forálacha lena gcosnaítear an infheistíocht arna déanamh ag nuálaithe agus iad ag bailiú na faisnéise agus na sonraí a thacaíonn le hiarratais ábhartha ar údaruithe (“rialacha maidir le heisiachas sonraí”).

Faoi réir théarmaí agus choinníollacha an Fhógra Dhlíthiúil seo, agus faoi réir aon teorainneacha ceangailteacha eile dá bhforáiltear faoin dlí is infheidhme, féadfar an fhaisnéis, na doiciméid agus na sonraí a chuirtear ar fáil ar shuíomh gréasáin an Údaráis a íoslódáil agus a phriontáil, ina n-iomláine nó i bpáirt, ar choinníoll go n-admhaíonn an t-úsáideoir na coinníollacha is infheidhme agus, go háirithe, nach nglacann EFSA aon fhreagracht agus/nó dliteanas as aon úsáid a bhaintear as an bhfaisnéis, as na doiciméid nó as na sonraí.

Maidir le sainorduithe agus iarratais a fuair an tÚdarás roimh an 27.03.2021, beidh feidhm i gcónaí ag na forálacha trédhearcachta agus rúndachta atá in Airteagal 38 agus in Airteagal 39(1) de Dhlí Ginearálta an Bhia sa leagan a bhí ann roimh Rialachán na Trédhearcachta.

Féadfaidh atáirgeadh, dáileadh nó úsáid bhreise faisnéise, doiciméad agus sonraí a phostáiltear nó a chuirtear ar fáil ar shlí eile ar shuíomh gréasáin EFSA, ar  thairseach OpenEFSA nó ar shuíomhanna gréasáin atá nasctha le EFSA a bheith faoi réir cosanta faoi rialacháin maidir le cearta maoine intleachtúla nó faoi dhlí eile is infheidhme, agus d'fhéadfadh sé go sáródh a n-úsáid gan cead a fháil roimh ré ó shealbhóir(í) cheart(a) na faisnéise, na ndoiciméad agus na sonraí faoi seach cearta an tsealbhóra/na sealbhóirí faoi seach.