Skip to main content

Eagraíochtaí inniúla i mBallstáit

Faoi láthair, tá os cionn 300 ollscoil, institiúid, comhlacht rialtais, comhlacht poiblí agus comhlacht eolaíochta eile ina líonra d’eagraíochtaí Ballstát atá gníomhach i réimsí laistigh de mhisean EFSA.

Bíonn naisc idir na heagraíochtaí sin á gcur chun cinn ag EFSA trí chomhghníomhaíochtaí a chomhordú, trí fhaisnéis a mhalartú, trí thionscadail eolaíochta chomhpháirteacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Leis an líonrú sin déantar comhroinnt saineolais agus dea-chleachtais sna réimsí eolaíochta sin a neartú tuilleadh.

Déanann eagraíochtaí inniúla sna Ballstáit cúraimí éagsúla chun tacú le hobair EFSA, lena n-áirítear obair ullmhúcháin do thuairimí eolaíochta, cúnamh eolaíochta agus teicniúil, bailiú sonraí, agus sainaithint rioscaí atá ag teacht chun cinn. Féadfar tacaíocht airgeadais a thabhairt do chuid de na cúraimí sin, mar dheontais.

Níl ach eagraíochtaí atá ar Liosta na nEagraíochtaí Inniúla (ar a dtugtar Liosta Airteagal 36 freisin) incháilithe chun deontais a fháil. Tá bunú Liosta na nEagraíochtaí Inniúla arna n-ainmniú ag na Ballstáit riachtanach faoi Airteagal 36 de rialachán bunaidh EFSA.

In 2019, rinneadh Liosta na nEagraíochtaí Inniúla a athnuachan, agus cuireadh próiseas agus uirlis nua i bhfeidhm.

Coimeádtar an Liosta cothrom le dáta ar bhonn leanúnach. Is iad Ballstáit an AE, an Íoslainn agus an Iorua na tíortha atá incháilithe chun eagraíochtaí a ainmniú don liosta.

Anseo thíos gheobhaidh tú freagraí ar chuid de na ceisteanna is minice a chuirtear. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh i dteagmháil le do Phointe Fócais náisiúnta EFSA nó EFSA (cooperation.article36 [at] efsa.europa.eu (cooperation[dot]article36[at]efsa[dot]europa[dot]eu)).

Ceisteanna Coitianta

1. Cad is “eagraíochtaí inniúla” ann?

Ceapadh an téarma in Airteagal 36 de rialachán bunaidh EFSA (Rialachán 178/2002), agus is é sin an fáth a dtugtar “eagraíochtaí Airteagal 36” ar na heagraíochtaí sin freisin.

Féadfar eagraíochtaí a mheas mar eagraíochtaí inniúla sna cásanna seo a leanas:

  • go bhfuil siad gníomhach i réimsí laistigh de mhisean EFSA;
  • go gcomhlíonann siad sraith critéar incháilitheachta, lena n-áirithítear, mar shampla, neamhspleáchas agus saineolas eolaíochta; agus
  • go bhfuil siad ainmnithe ag Ballstát lena n-áireamh ar Liosta na nEagraíochtaí Inniúla.

2. Conas a bhíonn eagraíocht ainmnithe ag Ballstát?

Féadfaidh na Ballstáit eagraíochtaí a chomhlíonann na critéir incháilitheachta a leagtar amach sna Rialacha Cur Chun Feidhme (Rialachán 2230/2004) a ainmniú lena n-áireamh ar an liosta. Tacaíonn Pointí Fócais Náisiúnta EFSA lena n-eagraíochtaí tíre sa phróiseas ainmniúcháin. Déanann Bord Bainistíochta EFSA Liosta na nEagraíochtaí Inniúla a nuashonrú go rialta bunaithe ar an ionchur sin ó na Ballstáit.

3. Conas a nuashonraítear an liosta?

Déanann Bord Bainistíochta EFSA Liosta na nEagraíochtaí Inniúla a nuashonrú go leanúnach. Is é an aidhm atá ann an liosta a choinneáil cothrom le dáta agus úsáideach le haghaidh líonraithe, trí eagraíochtaí nua arna n-ainmniú ag na Ballstáit a chur san áireamh agus trí eagraíochtaí a tarraingíodh siar a bhaint den liosta.

Tacaíonn Pointí Fócais náisiúnta EFSA le cothabháil an liosta ar an leibhéal náisiúnta agus éascaíonn siad é sin freisin.

4. Cén ról atá ag an bPointe Fócais maidir leis an liosta a nuashonrú?

Cuirtear de chúram ar Phointí Fócais bainistiú Liosta na nEagraíochtaí Inniúla ar an leibhéal náisiúnta a éascú agus tacú leis an mbainistiú sin.

Go sonrach, bíonn Pointí Fócais náisiúnta EFSA i dteagmháil leis na heagraíochtaí agus le gníomhaithe eile ina dtír féin chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • teagmháil ghníomhach a choinneáil le líonra na n-eagraíochtaí inniúla;
  • faisnéis a bhailiú faoi eagraíocht, chun gur féidir an tseiceáil ar chomhlíonadh a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta;
  • an tseiceáil ar chomhlíonadh a éascú ar an leibhéal náisiúnta;
  • tacú leis an nós imeachta ainmniúcháin ar an leibhéal náisiúnta;
  • Dul i dteagmháil le EFSA chun maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas chun Liosta na nEagraíochtaí Inniúla dá dtír a nuashonrú.

5. Cad iad na frámaí ama chun an liosta a nuashonrú?

Tá cuimsiú eagraíochtaí nua ar an liosta údaraithe ag Bord Bainistíochta EFSA, a thagann le chéile go rialta ceithre huaire sa bhliain. Ní mór do bhuanionadaíocht/misean na tíre chuig an AE sa Bhruiséil ainmniúcháin nua nó athruithe substaintiúla ar eagraíochtaí a sheoladh chuig EFSA mí amháin ar a laghad roimh chruinniú an Bhoird Bainistíochta.

Is féidir le heagraíochtaí a sonraí teagmhála a nuashonrú go díreach ar líne.

6. Cad ba cheart d’eagraíocht a dhéanamh i gcás gur mhaith léi a bheith ar an liosta?

Ba cheart d’eagraíocht ar spéis léi a bheith ar an liosta dul i dteagmháil lena Pointe Fócais náisiúnta, a mhíneoidh an nós imeachta.

Tá sonraí teagmhála na bPointí Fócais ar fáil ar shuíomh gréasáin EFSA anseo.

7. Cad ba cheart d’eagraíocht inniúil ar an liosta a dhéanamh má dhéantar athruithe ar an eagraíocht?

Má dhéantar aon athrú ar eagraíochtaí ar an liosta, ba cheart an Pointe Fócais faoi seach a chur ar an eolas láithreach. Déanfaidh an Pointe Fócais seiceáil ar na cineálacha athruithe agus tacóidh sé le tionscnamh na nósanna imeachta ábhartha dá réir.