Mura bhfuil sé Safe2Eat, ní bia de chuid an AE é!
Is feachtas uile-Aontais é Safe2Eat chun cabhrú le daoine fáil amach faoin gcaoi a dtugann caighdeáin sábháilteachta bia na hEorpa an tsaoirse dúinn an bia a roghnú is mian linn a cheannach, a ithe agus taitneamh a bhaint as go sábháilte agus go sláintiúil gach lá.
Ar fud na hEorpa, cabhraíonn na heolaithe is fearr atá againn leis na húdaráis na caighdeáin sin a leagan síos agus a choinneáil ionas go mbeidh an eolaíocht is fearr atá ar fáil mar thaca le gach rogha a dhéanaimid faoi bhia.
Cibé rud a théann i bhfeidhm ar do roghanna bia - blas, sláinte, costas, nó an comhshaol - tá suaimhneas intinne agat go bhfuil an blas is mian leat ar do bhia, ach go bhfuil sé sábháilte don tsláinte freisin.
Is féidir le Safe2Eat cabhrú leat:
- foghlaim faoi shábháilteacht bia agus faoi chleachtais sláinteachais bia;
- leideanna a aimsiú maidir le bia cothaitheach agus sláintiúil;
- a fháil amach conas a chinntímid go bhfuil gach rud i do bhia, ó bhreiseáin go comhábhair núíosacha, sábháilte le hithe;
- lipéid bhia a léamh chun príomhfhaisnéis a aimsiú, amhail faisnéis ar ailléirginí; agus
- bualadh leis na daoine atá taobh thiar de chóras sábháilteachta bia na hEorpa.
An Fhoireann Safe2Eat
Is feachtas uile-Eorpach é Safe2Eat ina bhfuil roinnt údarás náisiúnta um shábháilteacht bia (féach thíos), an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) agus an Coimisiún Eorpach páirteach.
Tugann EFSA eolaithe ó gach cearn den Eoraip le chéile chun measúnú a dhéanamh ar an eolaíocht atá taobh thiar de shábháilteacht bia, ar bheartais chothaithe agus ar roghanna aonair san AE.
Táimid ag obair le chéile chun an córas sábháilteachta bia a chur chun cinn, córas a chinntíonn gur féidir libhse, saoránaigh na hEorpa, a bheith muiníneach as sábháilteacht an bhia a itheann sibh.
Faigh amach cad atá ar siúl i do thír féin:



























