
Treoraithe ag luachanna agus cuspóir
A bhfuil le tairiscint againn
In EFSA oibreoidh tú i dtimpeallacht éagsúil agus idirnáisiúnta, le comhghleacaithe a bhfuil cuspóir láidir comhroinnte acu – chun a áirithiú go bhfuil bia na saoránach Eorpach sábháilte. Ag obair inár gceanncheathrú in Parma, bainfidh tú tairbhe as go leor tionscnamh chun tacú le do shláinte agus le d’fholláine, agus chun tacú leat taitneamh a bhaint as an saol agus as an mbia áitiúil.
EFSA in aon amharc amháin
550
Ball foirne
650
Saineolaí
Oiliúnaithe, Aoi-Eolaithe agus Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht
Táimid lonnaithe in Parma, baile an bhia
Tá ceanncheathrú EFSA i lár Parma, i réigiún Emilia-Romagna, ar a dtugtar ‘Gleann Bia na hIodáile’ freisin. Tá roinnt tásca geografacha faoi chosaint ag Parma, ina measccáis Parmigiano Reggiano agus liamhás Parma a bhfuil cáil dhomhanda orthu.
Tionscnaimh d’fhostaithe
Gairdín pobail
Ní hamháin go bhfuil sábháilteacht bia faoinár gcúram, fásaimid ár dtorthaí agus ár nglasraí féin freisin.
Más mian leat a bheith páirteach, tá ár bPobal Gairdín sásta fáilte a chur romhat i ndáil le gach cineál gníomhaíochta: lena n-áirítear garraíodóireacht, uisciú, plandú agus baint an fhéir, grianghraif a ghlacadh, físeáin a dhéanamh agus scéalta a fhoilsiú faoin ghairdín, adhmadóireacht, comharthaí gairdín a chruthú nó díreach do scíth a ligean sa ghairdín.
Níl aon taithí roimh ré ag teastáil!
Clubanna agus pobail eile: spóirt, cór & malartuithe teanga
Eitpheil, peil, seoltóireacht agus go leor eile: tá clubanna againn le haghaidh gníomhaíochtaí spóirt éagsúla laistigh agus lasmuigh de EFSA.
Más mian leat amhránaíocht, is féidir leat páirt a ghlacadh i gcór EFSA freisin.
Ar deireadh, dá mba mhaith leat do scileanna teanga a fheabhsú, glac páirt i gceann de na malartuithe teanga a chuireann do chomhghleacaithe ar fáil.