Garraíodóireacht fhreagrach
Bíodh lámh mhaith agat ar phlandaí
Tá an gharraíodóireacht ar cheann de na pléisiúir is simplí agus is sásúla dá bhfuil ann.
Mar gharraíodóir, bíonn sé de chumhacht agat do phlandaí, do phobal agus an comhshaol a chosaint trí roinnt teicnící freagracha agus taitneamhacha a chleachtadh.
Iarr aitheantóir
Má tá plandaí á gceannach agat ar líne ó lasmuigh den Aontas, bí cinnte deimhniú sláinte plandaí a iarraidh (deimhniú fíteashláintíochta). Taispeánann an doiciméad sin gur seiceáladh na plandaí atá á gceannach agat agus go bhfuil siad saor ó lotnaidí agus galair. Má mhalartaíonn tú plandaí, gearrthóga nó síolta le garraíodóirí eile, fiafraigh díobh faoina mbunús agus a ndeimhniú.
San Aontas Eorpach, is gá pas plandaí le haghaidh gach planda a thrádáiltear idir gnólachtaí. Is féidir leat é a fháil ar go leor plandaí a dhíoltar in ionaid ghairdín agus i siopaí. Cruthaíonn an pas go bhfuil na plandaí atá ar díol saor ó lotnaidí agus galair,rud a thugann suaimhneas intinne do gharraíodóirí agus a choinníonn amach aíonna nach bhfuil fáilte rompu.

Bíodh a fhios agat cad atá ag teastáil ó do phlandaí
Trí phlandaí a mheaitseáil leis na coinníollacha is fearr leo, laghdaítear strus agus cuirtear fás níos láidre agus níos fadtéarmaí chun cinn.
Smaoinigh ar a gcuid riachtanas maidir le solas na gréine, an cineál ithreach agus riachtanais uisce. Roghnaigh cineálacha plandaí atá oiriúnaithe don áit – ní theastaíonn an méid céanna cothabhála uathu, agus bíonn siad in ann lotnaidí agus galair a chosc go nádúrtha.
Cuir comhpháirtíochtaí rathúla ar bun
Díreach cosúil le daoine, tá róil éagsúla ag plandaí agus ní éiríonn leo go léir. Trí phlandaí a mheiatseáil go ciallmhar, is féidir a sláinte a threisiú agus cur lena a bhfad saoil Seo cúpla lánúin idéalach:
- Basal agus trátaí: Péire plandaí a oireann go maith dá chéile i bpasta agus sa ghairdín araon! Coinníonn basal cúl ar lotnaidí cosúil le haifidí, muiscítí, fíneoga agus cornfhoichí, gan trácht ar an mblas a chuireann sé le trátaí.
- Gleoráin and cúcamair Coisceann gleoráin lotnaidí cosúil le haifidí, cuileanna bána agus ciaróga cúcamair, rud a chiallaíonn gur iontach an comrádaí do chúcamair iad.
- Síobhais agus cairéid: Cuireann síobhais stop le cuileoga cairéid agus meallann siad feithidí “cabhracha” a oibríonn mar a bheadh póilíní iontu tríd an ruaig a chur ar fhoichí seadánacha.
- Gairleog agus rósanna: Coinníonn gairleog aifidí agus ciaróga Seapánacha ar shiúl ó rósanna agus cabhraíonn sé leo a bheith faoi bhláth.
- Lus buí agus scuais: Coisceann an lus buí feithidí agus ciaróga scuaise nuair a chuirtear timpeall plandaí scuaise iad.1

Seiceáil do phlandaí go rialta
Coinnigh súil ghéar ar do phlandaí le haghaidh aon chomharthaí de lotnaidí nó galair. Bíonn iomas an gharraíodóra fóinteach – fiú más róbheag le brath nó fánach an bhagairt.
Má thugann tú rud éigin neamhghnách faoi deara, nó má fhaigheann tú éachtaint nach bhfuil rud éigin ceart, téigh chuig bunachar sonraí na hEagraíochta Eorpaí agus Meánmhara um Chosaint Plandaí chun an teolas is déanaí maidir le níos mó ná 1,800 speiceas lotnaidí a fháil. Cuir aon rud faoina bhfuil tú in amhras in iúl do d’eagraíocht náisiúnta cosanta plandaí. Le chéile, is féidir linn ár ngairdíní a choinneáil sláintiúil, bríomhar agus saor ó lotnaidí!



























