green background

Acmhainní

Is tosaíocht dhomhanda é plandaí a choinneáil folláin agus tá roinnt páirtithe leasmhara páirteach ann. Déanann an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) measúnú riosca lotnaidí agus cuireann sé comhairle eolaíoch ar fáil do lucht déanta beartas san Aontas Eorpach (AE). Tacaíonn an Coimisiún Eorpach le sláinte plandaí leis na rialacha agus na rialacháin is gá agus cuidíonn sé le Ballstáit an Aontais ullmhú do bhagairtí fíteashláintíochta amach anseo. Tá an Eagraíocht Eorpach agus Meánmhara um Chosaint Plandaí (EPPO) freagrach as comhar agus comhchuibhiú i gcosaint plandaí laistigh den réigiún Eora-Mheánmhara. Déanann Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta (EBT) na Náisiún Aontaithe a ndícheall feasacht dhomhanda a mhúscailt maidir leis an gcaoi ar féidir le sláinte plandaí a chosaint cuidiú le deireadh a chur leis an ocras, bochtaineacht a laghdú agus an comhshaol a chosaint.