Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht & Aoi-Eolaithe

Tá dhá ról ag SNInna agus ag Aoi-Chuairteoirí: tugann siad a gcuid saineolais chuig EFSA agus tugann siad ar Is éard is meánriachtanas (AR) an leibhéal cothaithigh sa réim bhia a chomhlíonann riachtanais laethúla leath na ndaoine i ngnáthphobal sláintiúil ais chuig a riarachán baile nó chuig a n-ollscoil an t-eolas a fuarthas le linn a dtréimhse ar iasacht. Agus an méid sin á dhéanamh acu, cothaíonn siad malartú frithpháirteach agus neartaíonn siad an comhar idir EFSA agus a chomhpháirtithe.

Tugtar SNInna ar iasacht chuig EFSA agus bíonn siad fós i seirbhís a bhfostóra náisiúnta. Níl an iasacht coibhéiseach le fostaíocht ag EFSA, ná ní bheidh fostaíocht ag an Údarás mar thoradh uirthi.

Tá fad iasachta chuig EFSA teoranta d’uasmhéid ceithre bliana. Is é Parma an áit iasachta.

Cé hiad na daoine ar féidir leo iarratas a dhéanamh?

Is féidir le státseirbhísigh ó údaráis náisiúnta oibriú inár n-aonaid eolaíochta nó riaracháin mar SNInna.

Ceanglais

  • Ba cheart comhaontú roimh ré óna n-eagraíocht a bheith ag iarrthóirí ó riaracháin phoiblí/institiúidí poiblí nó ó eagraíochtaí rialtais idirnáisiúnta.
  • Ní mór d’iarrthóirí PhD a chruthú go bhfuil siad cláraithe i gclár PhD faoi láthair.
  • Ní mór eolas maith a bheith agat ar Bhéarla (leibhéal íosta: B2 – de réir CEFR).

Cuairteoirí Aoi-Chláir

Tá an tAoi-Chlár dírithe ar eolaithe, ar iarrthóirí PhD agus ar dhaoine gairmiúla ar féidir leo a gcuid saineolais a úsáid i réimse áirithe de ghníomhaíochtaí EFSA nó a bhfuil spéis acu i dtionscadail shonracha a bhaineann le hobair eolaíochta EFSA. Ní fhaigheann iarrthóirí roghnaithe aon ranníocaíocht airgeadais, agus ní chumhdaíonn EFSA aon speansais a thabhaíonn siad, seachas na costais sin a bhaineann le comhlíonadh a ndualgas le linn dóibh a bheith ar iasacht.

Mar chuairteoir staidéir, forbróidh tú do shaineolas trí thaighde nó trí thionscadal i do roghréimse laistigh de thimpeallacht ilchultúrtha.

Cé hiad na daoine ar féidir leo iarratas a dhéanamh?

Is féidir le hiarrthóirí as tíortha AE agus as tíortha neamh-AE iarratas a dhéanamh atá ina:

  • Státseirbhísigh ó riaracháin phoiblí, institiúidí, eagraíochtaí idir-rialtasacha agus idirnáisiúnta
  • Iarrthóirí PhD ó ollscoileanna neamhspleácha nó ó eagraíochtaí taighde

D’fhéadfadh an tréimhse socrúcháin a mhaireachtáil suas le 12 mhí ar a mhéad i gcás gach iarrthóra, seachas i gcás iarrthóirí PhD ina maireann an tréimhse 6 mhí ar a mhéad.

Ceanglais

Tá scileanna maithe cumarsáide i mBéarla (leibhéal íosta: B2 – de réir CEFR) agus an cumas Tomhas ar chumas substainte ceimicí tionchar a imirt, a thuairiscítear maidir leis an ngaol idir an dáileog a úsáidtear agus méid an tionchair atá ann dá bharr oibriú i dtimpeallacht ilchultúrtha riachtanach.

A bhfuil le tairiscint againn

  • Mar SNI nó mar Chuairteoir Aoi-Chláir, beidh ról gníomhach agat i ngníomhaíochtaí EFSA agus beidh tú páirteach i bhfoireann dhíograiseach ilchultúrtha.
  • B’fhéidir go mbeadh SNInna i dteideal liúntas laethúil agus míosúil agus aisíocaíocht speansas taistil ag tús agus ag deireadh a dtréimhse iasachta.
  • Maidir le Cuairteoirí Aoi-Chláir, beidh fad an tsocrúcháin ag brath ar an tionscadal agus sonraítear é sa tairiscint. Ní dhéanann EFSA aon ranníocaíochtaí airgeadais.